Ezekiel 2:6 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Agus thusa, a mhic an duine ná bíodh eagla ort rompa, agus ná bíodh eagla a mbríathar ort, matá go mbéid dreasa agus dosáin maille riot, agus go naíteocha tú a measc naithreach nimhe: ná bíodh eagla ort ré na mbríathraibh, agus ná bi anbhuáineach fá na naighthibh, bíodh go bhfuilid na ttigh easumhal.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ná bíodh eagla ortsa rompu, a mhic an duine; ná bíodh eagla ort nuair a deir siad: 'Tá dealga thart ort agus scairpeanna fút.' Ná bíodh eagla ort roimh a mbriathra ná eagla roimh a ndrochshúil, mar is ceannairceach an dream iad.