Ezekiel 20:47 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus abair ré foraóis an deisceirt, Eist bríathar an TIGHEARNA; Is marso a deir an Tighearna DIA; Féuch, lasfuidh mé teine ionnad, agus loiscfidh sí gach uile chrann glas ionnad, agus gach áon chrann críon: ní múchfuighear an teine lasardha, agus loisgfighear innte na huile aighthe on deisceart gus an ttuáisceart.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
21:3 Abair le foraois Neigib: 'Éist le briathar an Tiarna. Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, lasfaidh mé tine ionat agus dófaidh sí gach crann glas ionat agus gach crann críon; beidh an tine ina caor domhúchta agus gach aghaidh ruadhóite léi, ón Neigib ó thuaidh.