Ezekiel 21:24 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uimesin is marso a deir an Tighearna DIA; Do bhrígh go ttugabhair fa deara bhur néigceart do chuimhniughadh, an tan do foillsigheadh bhur sáruighthe, iondus go ttaisbéantar bhur bpeacuidh ann bhur ngniomhuibh uile; do bhrígh go ttangabhair chum cuimhne, geabhthar sibh leis an láimh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
29 «Uime sin, is mar seo a deir an Tiarna: De bhrí gur thug sibh fianaise ar bhur gciontacht an oiread sin, gur fhoilsigh sibh bhur gcoireanna, agus gur léirigh sibh bhur bpeacaí in bhur n-uile imeachtaí; de bharr na fianaise seo gearrfar pionós oraibh.