Ezekiel 23:15 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Criosluighthe maille re creasaibh air a leasrach, ag breith bhárr go hiomarcach a néaduighibh dhaite air a cceannaibh, íad uile na bprionnsadhuibh re féuchuin, do réir mhodha Bhabilóineach na Caldeá, tír a mbeirthe:
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
criosanna crioslaithe thar a gcoim agus turbain mhaisiúla ar a gcinn, iad uile cinsealach mar uaisle agus pictiúir de Bhablónaigh dar dhúchas dóibh Caildéa.