Ezekiel 23:24 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tiucfuid síad uile ad aghaidh lé carbaduibh, le cóistighibh, agus le rothaibh, agus le cruinniughadh daoine, noch chuirtios buicléir agus scíath agus clogad ad adhaigh timchioll fa ccuairt: agus cuirfidh misi breitheamhnus rompa, agus do bhéaraid síad breitheamhnus ortsa do réir a mbreitheamhnuis féin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ionsóidh siad thú [aduaidh] le carbaid, le cóistí agus le slua daoine; cuirfidh siad sciath, lúireach agus clogad i do choinne ó gach taobh. Fágfaidh mé breithiúnas fúthu agus daorfaidh siad thú de réir a mbreithiúnais féin.