Ezekiel 25:4 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Féuch, air a nadhbharsin seachoduigh mé thú do chlannaibh a noirthir mar sheilbh, agus suigheochuid a bpáláis ionnad, agus do dhéanuid a náitreabha ionnad: íosuid síad do thoradh, agus iobhuid síad do bhainne.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
dá bhrí sin uile, tabharfaidh mé suas thú mar ghabháltas do mhuintir an oirthir. Suífidh siad campa istigh i do lár agus cuirfidh siad fúthu ansin; íosfaidh siad do thorthaí agus ólfaidh siad do bhainne.