Ezekiel 28:13 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do bhí tú ann Eden gáirdín Dé, budh é thfolach gach uile chloch mhórluáigh, an sardius, an topas, agus an diamond, an bheril, an tónics, agus an iasper, an saphir, a nemerald, agus an carbuccail, agus an tór: do gléasadh ccardacht do thiompán agus do phíob ionnad annsa lá ar cruthuigheadh thú.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
bhí tú in Éidin, i ngairdín Dé. Bhí gach sort seoide i ndéantús do chloca, sard, tópas, diamant, criosailít, beiril, oinisc, saifír, carmhogal, smaragaid; ba as ór a rinneadh do thiompáin agus do phíbeanna. Gléasadh an t-iomlán an lá ar cruthaíodh thú.