Ezekiel 28:25 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Is marso a deir an Tighearna DIA; An tan chruinneochus mé tigh Israel as na daóinibh a measc a bhfuilid sreathnuighthe, agus bhías mé ar mo náomhadh ionta a radharc na ngeinteadh, annsin áitreobhuid síad iona ndúthaigh thug mé dom sheirbhíseach Iácob.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Seo mar a deir an Tiarna Dia: Nuair a bhaileoidh mé muintir Iosrael as na ciníocha ina bhfuil siad scaipthe, is mar seo a thaispeánfaidh mé mo naofacht ina measc os comhar na gciníocha. Cuirfidh siad fúthu ina dtír féin, an tír a thug mé do Iacób, mo sheirbhíseach.