Ezekiel 29:12 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do dhéana mé talamh na Hégipte uaigneach a lár na ttíorthann atá fásfholamh, agus a ccaithreacha a measc na ccaithreach atá na bhfásach béid áonránach ceathrachad bhlíadhan: agus cráobhsgaólfidh mé na Hégiptigh a measc na ccineadhach, agus scabfa mé íad thríd na tíorthaibh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Fágfaidh mé tír na hÉigipte ina fásach i measc tíortha fásaigh agus a cathracha scriosta i measc cathracha scriosta eile go ceann daichead bliain. Scaipfidh mé na hÉigiptigh i measc na gciníocha, agus cuirfidh mé an ruaig orthu ar fud na dtíortha.