Ezekiel 29:18 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A mhic an duine, thug Nebuchadressar rígh na Babilóine air a shlúagh seirbhís mhór do dhéanamh a nághaidh Tírus: do rinneadh a nuile cheann máol, agus do lomadh gach uile ghúala: gidheadh ní bhfuáir sé túarustal ar bith, nó a shluágh, ar son Thírus, ar son na seirbhíse do rinne sé na haghaidh:
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«A mhic an duine, thug Nabúcadnazar, rí na Bablóine, ar a shlua saothar mór a dhéanamh in aghaidh na Tuíre. Rinneadh maol gach ceann agus lomadh craiceann gach gualainne; ach ina ainneoin sin ní bhfuair sé féin ná a shlua aon bhuntáiste ón Tuír ar son an tsaothair seo ina haghaidh.