Ezekiel 32:29 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Atá Edom annsin, a rígh agus a prionnsadha uile, noch lé na neart atá na luidhe a bhfochair na druinge do marbhadh leis an ccloidheamh: luidhfid a bhfochair an luchta atá gan timchillghearradh, agus a bhfochair na druinge théid síos san log.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Tá Eadóm ansin, a ríthe agus a prionsaí uile, ina luí leosan a thit leis an gclaíomh in ainneoin a ngaisce. Luíonn siad leis an dream gan timpeallghearradh, leosan a chuaigh síos go Seól.