Ezekiel 32:30 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Atáid annsin uile phrionnsadha an tuáisceirt, agus na Sidónianuigh uile, noch do chuáidh síos leis na marbhuibh; maille re na neagla fa na ccumhachtaibh; agus luighid gan timchillghearradh a bhfochair na druinge do marbhadh leis an ccloidheamh, agus fúaradar náire maille ris an lucht téid síos annsa log.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Tá prionsaí uile an tuaiscirt agus muintir na Síodóine uile ansin, imithe síos faoi náire leis na mairbh, cé gur spreag siad uafás lena gcumhacht. Luíonn siad ansin gan timpeallghearradh leosan a thit leis an gclaíomh. Iompraíonn siad a náire siúd a théann síos go Seól.