Ezekiel 33:22 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Anois do bhí lámh an TIGHEARNA orum tráthnóna, suil thamic an té sin do chuáidh as; agus dfoscuil sí mo bhéul, nó go ttáinic sé chugam ar maidin, agus do hoscladh mo bhéul, agus ní rabhus balbh ní sa mhó.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tharla go raibh lámh an Tiarna orm an tráthnóna sular tháinig an fear ar a theitheadh; bhí mo bhéal oscailte aige sular tháinig an fear an mhaidin dár gcionn. Osclaíodh mo bhéal agus ní raibh mé balbh a thuilleadh.