Ezekiel 33:27 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Abairsi ríu marso, Is marso a deir an Tighearna DIA, Mar mhairim, go deimhin tuitfidh an lucht atá san bhfásach leis an ccloidheamh, agus do bhéara mé an té atá annsa machaire lom do bheathachaibh re na ithe, agus éugfuid an drong bhías annsna daingnibh agus annsna húamhuibh don phláigh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Abair seo leo: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Dar mo bheo, na daoine atá san fhásach titfidh siad cinnte leis an gclaíomh; an fear ar an mblár folamh tabharfaidh mé do na hainmhithe allta é lena alpadh; éagfaidh lucht na ndaingean agus na bpluaiseanna leis an bplá.