Ezekiel 33:30 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Mar an ccéadna, thusa a mhic an duine, atáid clann do dhaóine a ccomhnuidhe ag caint ort láimh ris na balladhuibh agus a ndóirsibh na ttightheadh, labhruid gach áon ré chéile, gach áon ré na dhearbhrathair, ag rádh, Tarr, íarruim dathchuinge ort, agus éist cred an bhríathar thig ón TTIGHEARNA.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«A mhic an duine, tá do mhuintir ag caint ort ar na ballaí agus ag doirse na dtithe. Deir siad lena chéile: 'Tar agus éist leis an mbriathar a ghabh amach ón Tiarna.'