Ezekiel 36:4 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uimesin, a shléibhte Israel, éistigh bríathar an Tighearna DIA; Is marso a deir an Tighearna DIA ris na sléibhtibh, agus ris na cnocaibh, ris na haibhnibh, agus ris na gleantaibh, ris na fásuighibh uáigneacha, agus ris na caithreachaibh do tréigeadh, noch do bhí na ccreich agus na magadh don chuid oile do na geintibh noch atá iona ttimchioll fa ccuáirt;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
dá bhrí sin, a shléibhte Iosrael, éistigí le briathar an Tiarna. Seo mar a deir an Tiarna Dia leis na sléibhte agus na cnoic, leis na cumair agus leis na gleannta, le fásaigh loma agus cathracha bánaithe atá ina gcreach agus ina gceap magaidh ag na ciníocha máguaird: