Ezekiel 36:6 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharsin tairrghir a ttáobh thíre Israel, agus abair ris na sléibhtibh, agus ris na cnocaibh, ris na haibhnibh, agus ris na gleantuibh, Is marso a deir an Tighearna DIA; Feuch, do labhair mé ann méud agus ann mainteas, do bhrígh gur iomchrabhair náire na ngeinteadh:
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ar an ábhar sin tairngir mar gheall ar thír Iosrael. Abair leis na sléibhte agus leis na cnoic, leis na cumair agus leis na gleannta: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Labhraím le cuthach éada de bhrí gur maslaíodh sibh ag na ciníocha.