Ezekiel 38:12 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do dhéanamh éadála, agus do ghlacadh creiche; chum do láimhe diompógh ar na háitibh fásuigh atá anois ar na náitreabh, agus air na daóinibh do cruinnigheadh as na cineadhachaibh amach, noch fúair áirnéis agus maóin, noch áitreabhus a lár na tíre.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ar mhaithe le héadáil agus creach a bhreith liom ionsóidh mé na háiteanna fásaigh a bhfuil cónaí ar dhaoine arís iontu, an mhuintir seo a tháinig le chéile ó na ciníocha, a tháinig i seilbh eallaigh agus earraí, a chónaíonn i gceartlár an domhain.