Ezekiel 38:20 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Iondus go ccrithfid éisc na fairge, agus éunlaith neimhe, agus beathuighe an mhachaire, agus na huile neithe snáidheacha shnaidhios air an ttalamh, agus na huile dhaóine da bhfuil ar ghnúis na talmhan rem radharcsa, agus teilgfighear na sléibhte síos, agus tuitfid na háite árda, agus tuitfidh a nuile bhalla go talamh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Éisc na farraige, éanlaith an aeir, ainmhithe an mhachaire, péisteanna na talún agus daoine uile an domhain, crithfidh siad i mo láthair. Leagfar na sléibhte, réabfar na hailteanna, titfidh gach balla go talamh.