Ezekiel 39:17 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Agus, thusa á mhic an duine, is marso a déir an Tighearna DIA; Labhair ris a nuile éun sciathanach, agus ré huile bheathach an mhachaire, Cruinnighidh sibh féin, agus tigidh; cruinnighidh sibh air gach uile tháobh chum mo íodhbarthasa do ním dofráil air bhur son, eadhon íodhbairt mhór ar shléibhtibh Israel, iondus go níostaói feóil, agus go niobhthaói fuil.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«A mhic an duine, seo mar a deir an Tiarna Dia: Labhair le gach sórt éin agus leis an uile ainmhí sa mhachaire: Tionólaigí agus tagaigí anseo, tagaigí le chéile i gcomhair an fhéasta íobartha atá mé a ullmhú daoibh, féasta mór íobartha ar shléibhte Iosrael ina n-íosfaidh sibh feoil agus ina n-ólfaidh sibh fuil.