Ezekiel 40:4 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt an duine riomsa, A mhic an duine faic lead shúilibh, agus cluin led chlúasaibh, agus suighidh do chroidhe air a nuile ní thaisbéanfas misi dhúit; óir is chum go ttaisbéanfuinn duit íad tugadh annso thú: foillsigh do thigh Israel a nuile ní do chídh tú.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt an fear liom: «A mhic an duine, féach go grinn, éist go haireach agus leag d' intinn ar a dtaispeánfaidh mé duit. Óir is chun go dtaispeánfainn duit é a tugadh anseo thú. Foilsigh a bhfeiceann tú do mhuintir Iosrael.»