Ezekiel 41:16 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do bhí postadha an doruis, agus da fuinnéoga cumhga, agus na hionaid spaisteoireachda timchioll fa ccuáirt air a ttrí lofta, thall as coinne an doruis, foluighthe le hadhmad timchioll fa ccuáirt, agus air an ttalamh súas gus na fuinneógaibh, agus do bhádar na fuinneoga ar na bhfolach;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
bhí tairseacha acu triúr agus fuinneoga laitíse thart timpeall gach ceann acu. Thart faoin tairseach bhí an Teampall painéalta le hadhmad ón urlár go dtí na fuinneoga; ba fhuinneoga laitíse iad.