Ezekiel 43:11 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus má bhíd náireach fa nuile ní dá ndéarnadar, taisbéin cuma an tighe dhóibh, agus a ghleus, agus a dhul amach, agus a theacht a steach, agus a uile fhoirm, agus a uile órduighthe, agus a uile chuma, agus a uile dhlighthe: agus scriobh iona radharc é, chor go ccoimhéadfuid síad a uile fhoirm, agus a órduighthe uile, agus go ndéanuid síad íad.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Má bhíonn náire orthu de bharr a n-imeachtaí, taispeáin crot agus plean an Teampaill dóibh, na slite amach as agus na slite isteach ann, a dhéanamh agus a leagan amach. Cuir in iúl dóibh a dheasghnátha agus a dhlíthe agus scríobh síos dóibh é os a gcomhair ionas go gcomhlíonfaidís agus go gcleachtfaidís a [dhlíthe] agus a dheasghnátha uile.