Ezekiel 45:17 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus budh é cuid an phrionnsa ofrála loisge, agus ofrála bídh, agus ofrála dighe, do thabhairt úatha annsna féustuibh, agus annsna reéibh núadha, agus annsna sabbóidibh, ann uile shollamantachd thighe Israel: gléusfuidh seision a nofráil pheacaidh, agus a nofráil bhídh, agus a nofráil loisge, agus na hofrála siothchána, do dhéanamh athcháirdis do thigh Israel.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Beidh dualgas ar an bprionsa na híobairtí dóite, na habhlanna agus na híobairtí dí a chur ar fáil ag na féilte, ag na réanna nua agus na sabóidí, ag féilte cinnte uile mhuintir Iosrael. Cuirfidh sé ar fáil na híobairtí peaca, na habhlanna, na híobairtí dóite agus na híobairtí síochána mar leorghníomh ar son mhuintir Iosrael.