Ezekiel 46:9 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Acht a nuáir thiucfuid muinntir na tíre a láthair an TIGHEARNA annsna féustuibh sollamanta, an té rachus a steach san tslighe thuáigh san gheata dadhradh rachaidh sé amach a slighe an gheata theas; agus an té rachus a steach a slighe an gheata theas rachuidh sé amach a slighe an gheata thuáigh: ní fhillfe sé a slighe an gheata a ttáinic sé a steach, acht rachaidh sé amach annsa gheata as a choinne.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a thiocfaidh pobal na tíre i láthair an Tiarna ag na féilte sollúnta, an lucht a thiocfaidh isteach an geata thuaidh ag adhradh rachaidh siad amach an geata theas. Ní fhillfidh siad ar an ngeata trínar ghabh siad isteach ach rachaidh amach an geata atá díreach rompu.