Ezekiel 47:10 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tiucfa a ccrich, go seasfuid na híascairidhe air ó En‐gedi go Hen‐eglaim; béid na náit leathnuighthe líon amach; béid a néisg do réir a ccinéil, amhuil éisc na fairge móire, ro iomadamhuil.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Beidh iascairí ar a bruacha. Leathfar na líonta ó Éan Geidí go hÉan Eaglaím; beidh ilchineálacha éisc inti amhail éisc na Farraige Móire.