Ezekiel 8:5 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Annsin a dubhairt sé riom, A mhic an duine, tóig súas do shúile anois leath ris an ttuáisceart. Marsin do thóig mé súas mo shúile leath ré slighe an tuáisceirt, agus féuch don leath thuáigh ag geata na haltóra a niomháighse a néuda annsa dul a steach.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt sé liom ansin: «A mhic an duine, ardaigh do shúile anois i dtreo an tuaiscirt.» D' ardaigh mé mo shúile i dtreo an tuaiscirt agus féach, sa bhealach isteach ó gheata na haltóra lastuaidh bhí íomhá seo an éada.