Ezra 10:2 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do fhreagair Sechaniah mhac Iehiel, áon do mhacaibh Elam, agus a dubhairt re Hesra, Do chiontuigheamar a naghaidh ar Ndé, agus thugamar mná coigcríchthe do dhaoinibh na talmhan: gidheadh fós atá a nois dóigh ann Israel a ttaóibh an neithesi.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin labhair Seacainiá mac Ichíéil de chlann Éalám amach agus dúirt le hEazrá: «Rinneamar feall ar ár nDia agus phósamar mná deoranta de phór dúchasach na tíre; ach dá ainneoin sin, tá dóchas éigin ann d' Iosrael fós.