Ezra 2:1 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Anois isíad so clann na tíresin do chúaidh súas as an dáoirsine, don luchd do rugadh innte, noch rug Nebuchadnessar rígh na Babilóine leis don Bhabilóin, agus tháinic a rís go Hierusalem agus Iúdah, gach uile dhuine dha chathruigh féin,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
B' iad seo muintir an chúige a d' fhill ó dhaoirse agus ó dheoraíocht. Tar éis do Nabúcadnazar rí na Bablóine iad a dhíbirt go dtí an Bhablóin, d' fhilleadar go Iarúsailéim agus go Iúdá gach duine go dtí a bhaile féin.