Ezra 3:8 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Anois annsa dara bhlíadhain ar tteacht dóibh go tigh Dé ann Ierusalem, air an dara mí do tosuigh Serubbabel mhac Sealtiel, agus Iessua mhac Iosadac, agus ar mhair dá ndearbhráithribh na sagairt agus na Lebítigh, agus a nuile dhuine dá ttáinic as a ndaoirsine go Hierusalem; agus dórduigheadar na Lebhítigh, ó fithchid bliadham daóis agus ós a chionn, do chur oibre thighe an TIGHEARNA ar a haghaidh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ba sa dara mí den dara bliain tar éis dóibh teacht go Teampall Dé in Iarúsailéim a chrom Zarubáibil mac Sheailtíéil agus Iéisiúa mac Iózádác ar an obair leis an gcuid eile dá mbráithre, na sagairt, na Léivítigh agus an mhuintir go léir a d' fhill ar Iarúsailéim ón deoraíocht. Cheap siad na Léivítigh a bhí fiche bliain d' aois nó os a chionn i bhfeighil na hoibre ar Theampall an Tiarna.