Ezra 8:15 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Agus do chruinnigh misi a ccionn a chéile íad gus a nabhuinn ghluaisios go Hahabha; agus dfanamar ann sin a lóistinibh trí lá: agus do mheas mé an pobal, agus na sagairt, agus ní bfúair mé áoinneach do mhacaibh Lébhi ann.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chruinnigh mé iad go bruach na habhann a shníonn go hAhavá agus shuíomar campa ansiúd ar feadh trí lá. Rinne mé iniúchadh orthu agus chonaic mé tuataí agus sagairt ina measc, ach gan aon Léivítigh.