Ezra 9:15 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
O a THIGHEARNA Día Israel, atá tú ceart: óir mairmidne fós íar ndul as, mar atá a niugh: féuch, a támaoid ad lathair ann ar gciontuibh: óir ni fhéadmaoid seasamh as do choinne dá bhrígh so.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
A Thiarna, a Dhia Iosrael, de bharr d' fhíréantachta, fágadh fuíoll áir againn a tháinig slán mar atá anseo inniu; seo sinn anois i do láthair faoi ualach ár bpeacaí, agus dá bharrsan ní féidir d' aon duine seasamh i do láthair.»