Galatians 1:15 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Gidheadh an tan do thoguir Día, (noch do chuir air leith mé ó bhruinn mo mháthar, agus do ghoir mé tré na ghrás,)
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht nuair ba é deagh‐thoil Dé é, do chuir ar leith mé ó bhroinn mo mháthar, agus do ghlaodh tré n‐a ghrása mé,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach bhí an té sin ann a chuir i leataobh ina chomhair féin mé sular tháinig mé ar an saol, an té sin óna bhfuair mé glaoch na ngrást,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach nuair ba dheoin leis an té, a dhealaigh amach mé fad a bhí mé fós i mbroinn mo mháthar, agus a ghlaoigh chuige féin mé as ucht a ghrásta
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach nuair ba dheoin leis an té, a dhealaigh amach mé fad a bhí mé fós i mbroinn mo mháthar, agus a ghlaoigh chuige féin mé as ucht a ghrásta–