Galatians 1:16 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A mhac féin dfoillsiughadh ionnam, ionnus go mbéinn dá sheanmóir a measg na gcineadhach; air a nuáirsin ní deárna mé cómhairle ré fuil agus re féoil:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
chum a Mhac d’fhoillsiú ionnam, chum go bhfógróchainn i measc na gCineadhach é; ar an láthair sin ní dheachas i gcómhairle feola agus fola:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus san am ar thoiligh sé a Mhac a thaispeáint dom, le bheith á sheanmóireacht agam i mease na nGintlithe, níor iarr mé comhairle san am úd ar fhuil ná ar fheoil,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
nuair ba dheoin leis siúd a Mhac a fhoilsiú dom chun go gcraobhscaoilfinn a dhea-scéal i measc na ngintlithe, ní dheachaigh mé i gcomhairle le daonnaí ar bith
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
nuair ba dheoin leis siúd a Mhac a fhoilsiú dom chun go gcraobhscaoilfinn a dhea-scéal i measc na ngintlithe, ní dheachaigh mé i gcomhairle le daonnaí ar bith