Galatians 1:9 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Amhuil a dubhramar roimhe, a deirim a nois a rís mar an gcéudna, Cía bé dhéanas soisgéul do sheanmóir dháoibh leith amuígh dhe súd do ghabhabhair chuguibh, bíodh sé malluighthe.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Mar tá ráidhte againn cheana, adeirim arís é, Má fhógrann aon duine soiscéal ar bith seachas an soiscéal fuarabhar, bíodh sé malluighthe.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
An rud atá ráite agam cheana, deirim arís é, is cuma cé hé atá ag seanmóireacht aon soiscéil daoibh atá bunoscionn leis an soiscéal sin ar ghlac sibh leis, is duine é is cóir a mhallachtú.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An ní atá ráite againn, deirim anois arís é: duine ar bith a dhéanann dea-scéal a fhógairt daoibh atá bunoscionn leis an dea-scéal atá faighte agaibh, go raibh mallacht Dé anuas air.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
An ní atá ráite againn, deirim anois arís é: duine ar bith a dhéanann dea-scéal a fhógairt daoibh atá bunoscionn leis an dea-scéal atá faighte agaibh, go raibh mallacht Dé anuas air.