Galatians 2:10 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd amháin go mbíádh cuímhne aguinn ar na bochduibh; an ní céudna agá raibh mé féin dúthrachdach chum a dhéunta.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
acht amháin cuimhneamh ar na bochtaibh, an nidh céadna do bhí mar bhárr cúraim orm féin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
ach gur chuir siad mar choinníoll leis go gcuimhneoimis ar na boicht, ní a raibh mé i bhfáth go mór lena dhéanamh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Níor chuir siad d' agús sa scéal ach go gcuimhneoimis ar na boicht, an rud céanna díreach a raibh fonn orm féin a dhéanamh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Níor chuir siad dʼagús sa scéal ach go gcuimhneoimis ar na boicht, an rud céanna díreach a raibh fonn orm féin a dhéanamh.