Galatians 2:14 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd an tan do chonnairc misi nách í an tslighe dhíreach do shíubhladar chum fírinne an tsoisgéil, a dubhairt mé ré Peadar na bhfíadhnuisis uile, Má atá tusa, agus tú ad Iúduighe, ag caitheamh do bheatha réir na Gcineadhach, agus ní réir na Níuduigheadh, créd fá gcuireann tú dfíachuibh ar na Cineadhachuibh aithris do dhéunamh ar na Iúduighibh?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht nuair chonnacas nach rabhadar ág siubhal go díreach do réir fírinne an tsoiscéil, adubhras le Céfas ’n‐a bhfiadhnaise uile, Má chaitheann tusa do shaoghal, agus gur Iúdach thú, ar nós na gCineadhach, ní h‐é ar nós na nIúdach, cad chuige dhuit a chur d’fhiachaibh ar na Cineadhachaibh a saoghal do chaitheamh ar nós na nIúdach?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach nuair a chonaic mise a mí-ionracas siúd i dtaobh fhírinne an tsoiscéil, is é a dúirt mé le Céfas os comhair an iomláin acu, “Más ar nós Ghintlí, in áit ar nós Ghiúdaigh, a mhaireann tusa, siúd is gur Giúdach tú, cé mar fhéadann tú cur ar na Gintlithe aithris a dhéanamh ar na Giúdaigh?”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach nuair a thug mé féin faoi deara nach raibh siad ionraic faoi fhírinne an dea-scéil, dúirt mé le Céafas i bhfianaise chách: «Má mhaireann tusa ar an nós gintlí in áit an nóis Ghiúdaigh ar a shon gur Giúdach tú féin, conas is féidir duit mar sin a thabhairt ar na gintlithe an nós Giúdach a leanúint?»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach nuair a thug mé féin faoi deara nach raibh siad ionraic faoi fhírinne an dea-scéil, dúirt mé le Céafas i bhfianaise cách: “Má mhaireann tusa ar an nós gintlí in áit an nóis Ghiúdaigh ar a shon gur Giúdach tú féin, conas is féidir duit mar sin a thabhairt ar na gintlithe an nós Giúdach a leanúint?”