Galatians 2:4 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus sin ar son na ndearbhráithreach bhfallsa do bhí ar dteoltógh a steach, noch do théultóigh a steach do bhrath na saóirse atá aguinn a Níosa Chríosd chum ar mbreith fá dhaóirse:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus sin mar gheall ar na bráithribh bréige tugadh isteach os íseal, agus d’éaluigh isteach os íseal chum spiadh‐aireacht do dhéanamh ar ár saoirse atá againn i nÍosa Críost, ag súil le n‐ár dtabhairt fá dhaoirse:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach bhí sin i gceist de bharr bráithre bréige a tugadh isteach os íseal, a sciorr isteach gheall ar a bheith ag spiaireacht ar an tsaoirse sin a bhíos againn i níosa Críost, ionas go dteannfaidís cuing na daoirse orainn—
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
ainneoin na mbráithre bréige a tugadh isteach faoi choim. Shleamhnaigh siad san isteach le spiaireacht a dhéanamh ar an tsaoirse atá againn i gCríost, chun sinn a chur i ndaoirse;
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
ainneoin na mbráithre bréige a tugadh isteach faoi choim. Shleamhnaigh siad san isteach le spiaireacht a dhéanamh ar an tsaoirse atá againn i gCríost, chun sinn a chur i ndaoirse;