Galatians 2:7 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd go contrárdha dhó sin, ar bhfaicsin dóibh gur táobhadh soisgéul an nemthimchillghearrtha leamsa, mar do táobhadh soisgéul an timchiollghearrtha lé Peadar;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
a chontrárdhacht sin ar fad, nuair chonnacthas dóibh go dtugadh soiscéal an neamh‐thimcheall‐ghearrtha fá mo chúram‐sa, fá mar tugadh soiscéal an timcheall‐ghearrtha do Pheadar;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
a athrach ar fad a tharla, mar nuair a dʼaithin siad gur liom a taobhaíodh an soiscéal don dream neamh-thimpeallghearrtha, ar an nós ceanann céanna ar taobhaíodh le Peadar an soiscéal don dream timpeallghearrtha
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
ach a mhalairt; d' aithin siad go raibh fógairt an dea-scéil don mhuintir gan timpeallghearradh curtha ina chúram ormsa chomh maith céanna agus a bhí fógairt an dea-scéil do lucht an timpeallghearrtha ina chúram ar Pheadar;
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
ach a mhalairt; dʼaithin siad go raibh fógairt an dea-scéil don mhuintir gan timpeall-ghearradh curtha ina chúram orm-sa chomh maith céanna agus a bhí fógairt an dea-scéil do lucht an timpeallghearrtha ina chúram ar Pheadar;