Galatians 2:9 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus na naithne do Shéumus, agus do Chéphas, agus Déoin, ar a bhfuil meas bheith na bposduighibh an grás do tugadh dhamh: tugadar a lámh dheas a ccrúth chumainn damhsa agus do Bharnaba; chum sinne dimtheachd chum na ccineadhach, agus íad féin chum an timchíllghearrtha.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus Séamas agus Céfas agus Eoin, go raibh meas ortha mar cholamhnaibh, nuair thugadar fá deara an grása tugadh dhom, do shíneadar deas‐lámh cumainn chugam‐sa agus chum Bharnabais, chum go n‐imtheochaimís chum na gCineadhach, agus iad féin le dul chum luchta an timcheall‐ghearrtha;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus nuair a dʼaithin an triúr a raibh meas crann seasta orthu, mar atá Séamas agus Céfas agus Eoin, an grásta a bronnadh ormsa, thug siad deaslámh an chairdis domsa agus do Bharnabas air, le sinne a dhul chuig na Gintlithe agus iadsan a dhul chuig an dream timpeallghearrtha;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus nuair a d' aithníodar an grásta a bhí bronnta orm, thug na crainn taca sin, Séamas agus Céafas agus Eoin, deaslámh na páirte dom féin agus do Bharnabas, ar chuntar go rachaimisne chuig na gintlithe agus iad féin chuig na Giúdaigh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus nuair a dʼaithníodar an grásta a bhí bronnta orm, thug na crainn taca sin, Séamas agus Céafas agus Eoin, deaslámh na páirte dom féin agus do Bharnabas, ar chuntar go rachaimisne chuig na gintlithe agus iad féin chuig na Giúdaigh.