Galatians 3:10 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oir an mhéid atá do tháobh oibrightheadh an reachda atáid síad fáoi an mallachd: oír atá sgríobhtha, As malluighe gach áon nach ccomhnuigheann sna huile neithibh atá sgríobhtha a leabhar an reachd chum a ndéunta.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir an méid chlaoidheas le h‐oibreachaibh an dlighe atáid fá mhallacht: mar atá scríobhtha, Is malluighthe gach duine nach leanann do’n uile nidh athá scríobhtha i leabhar an dlighe, agus nach gcuireann i ngníomh é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar an dream a mbíonn muinín acu as oibreacha an dlí is faoi mhallacht a bhíos siad; mar tá sé scríofa, “Is mallaithe gach duine nach leanann dá bhfuil scríofa i leabhar an dlí agus nach gcuireann an t-iomlán de i ngníomh.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Iad siúd atá ag brath ar an dlí, áfach, tá mallacht anuas orthu, mar tá scríofa: «Is mallaithe gach n-aon nach gcloíonn lena bhfuil scríofa i leabhar an dlí agus iad a chur i gcrích.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Iad siúd atá ag brath ar an dlí, áfach, tá mallacht anuas orthu, mar tá scríofa: “Is mallaithe gach n-aon nach gcloíonn lena bhfuil scríofa i leabhar an dlí agus iad a chur i gcríoch.”