Galatians 3:15 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A dhearbhráithre, is do réir nóis daónna labhruim; Bíodh nach biadh ann achd connradh duine, ar mbeith dhó daingnighthe, ní chuiréann éinneach ar gcúl é, agus ní curthar tuilleadh ar bith leis.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
A bhráithre, is ar mhodh daoine atáim ag labhairt: Gidh nach bhfuil ann acht tiomna daonna, nuair dearbhuightear é, ní fhéadann aoinneach a chur ar gcúl, nó cur leis.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Luaim, a bhráithre, sampla as cúrsaí daonna: mura bhfuil ann ach uacht duine, nuair a dheimhnítear í, ní chuirtear léi ná ní chuirtear ar ceal í.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tógaimis sampla ón ngnáthshaol, a bhráithre. Nuair a bhíonn uacht daingnithe mar is cuí, ní dhéanann aon duine í a chealú ná cur léi.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tógaimis sampla ón ngnáthshaol, a bhráithre. Nuair a bhíonn uacht daingnithe mar is cuí, ní dhéanann aon duine í a chealú ná cur léi.