Galatians 3:19 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin créud é an reachd? Is uime do hórduigheadh é ar son sáruighthe na naitheantadh, go teachd don tsíol dá ndearnadh an gealladh; ar na órdughadh ris na hainglibh tré láimh eidirmheadhontóra.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Cad chuige an dlighe mar sin? Do tugadh isteach é ní ba dheireannaighe mar gheall ar chionntaibh, nó go dtigeadh an sliocht go dtugadh an gheallamhaim dó; agus do h‐órduigheadh é tré aingealaibh le láimh eadarghuidhtheora.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Cad chuige a bhfuil an dlí ann mar sin? Aguisín é a cuireadh ann as siocair na gcionta, go dtí go dtagadh an sliocht sin ar tugadh na gealltanais dó; agus ordaíodh trí aingil le láimh idirghabhálaí é.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Cad chuige an dlí mar sin? Cuireadh leis an gconradh é toisc na gcionta nó go dtiocfadh an síol úd ar tugadh an gealltanas dó. Ordaíodh trí bhíthin aingeal é le cabhair idirghabhálaí.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Cad chuige an dlí mar sin? Cuireadh leis an gconradh é toisc na gcionta nó go dtiocfadh an síol úd ar tugadh an gealltanas dó. Ordaíodh trí bhíthin aingeal é le cabhair idir-ghabhálaí.