Galatians 4:2 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd bí fáoi luchd a choimhéuda, agus fán luchd ar a mbí a chúram, go teachd na haimsire do órduigh an tathair.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
acht go mbíonn sé fá stiúradh oidí agus feadhmannach go dtí an t‐am atá órduighthe ag a athair.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
ach is amhlaidh a bhíonn sé faoi chaomhnóirí agus faoi iontaobhaithe go dtí go dtaga an lá cairde atá ceaptha ag an Athair.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
ach é faoi réir chaomhnóirí agus riarthóirí nó go dtagann an t-am a bhíonn ceaptha ag an athair.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
ach é faoi réir caomhnóirí agus riarthóirí nó go dtagann an t-am a bhíonn ceaptha ag an athair.