Galatians 4:22 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír áta sgríobhtha, go rabhadar días mac ag Abraham, mac aca ré hinnilt, agus mac eile ré mnáoi sháoir.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir atá scríobhtha go raibh beirt chlann‐mhac ag Abracham, mac aca leis an gcailín daoirseachta, agus mac leis an saor‐mhnaoi.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar tá sé scríofa go raibh dís mhac ag Abracham, duine acu ó chumhal agus duine acu ó bhean shaor.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Óir tá scríofa go raibh beirt mhac ag Abrahám, mac acu ón daorbhean agus an duine eile ón tsaorbhean.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Óir tá scríofa go raibh beirt mhac ag Abrahám, mac acu ón daorbhean agus an duine eile ón tsaorbhean.