Galatians 4:27 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír atá sgríobhtha, Biodh gairdeachas ort a bhean aimrid nách beireann clan; réub amach agus éigh, a bhean nach bhfuil ré níodhnuibh: óir is liá clann na mná tréigthe ná na mná agá bhfuil fear.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir atá scríobhtha, Déan gáirdeachas, a bhean aimrid nach mbeireann; Cuir do chroidhe amach le luthgháir, thusa nach bhfulaingeann tinneas clainne: Óir is líonmhaire iad clann na mná aonaránaighe ’Ná clann na mná go bhfuil fear aici.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar tá sé scríofa, “Bíodh áthas ort a bhean aimrid nach mbeireann; lig amach do racht agus tóg gáir, a bhean nach bhfuil in aistear clainne; mar is iomadúla iad clann na mná tréigthe ná clann na mná a bhfuil fear aid.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
mar tá scríofa: «Bíodh gliondar ort, a bhean aimrid nár shaolaigh clann! Ardaigh do liú a bhean nach raibh riamh ar luí seoil. Óir is líonmhaire clann na mná tréigthe na clann na mná a bhfuil fear aici.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
mar tá scríofa: “Bíodh gliondar ort, a bhean aimrid nár shaolaigh clann! Ardaigh do liú a bhean nach raibh riamh ar luí seoil. Óir is líonmhaire clann na mná tréigthe na clann na mná a bhfuil fear aici.”