Galatians 4:30 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Gidheadh créd adeir an sgriobtúir? Teilg amach a ninnilt agus a mac: óir ní bhíaidh mac na hinnilte na oighre máráon ré mac na mná sáoire.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht créad adeir an scrioptúir? Caith amach an cailín daoirseachta agus a mac: óir ní bhéidh oidhreacht ag mac an chailín daoirseachta i n‐éinfheacht le mac na saor‐mhná.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach cad é sin a deir an scrioptúr? “Cuir an tóir ar an gcumhal agus ar an mac sin aici; mar ní bheidh an oidhreacht ag mac na cumhaile in éineacht le mac na mná saoire.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach cad é seo a deir an scrioptúr: «Caith amach an daorbhean agus a mac, mar ní bheidh aon pháirt go deo ag mac na daormhná in oidhreacht mhac na saormhná.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach cad é seo a deir an scrioptúr: “Caith amach an daorbhean agus a mac, mar ní bheidh aon pháirt go deo ag mac na daormhná in oidhreacht mhac na saormhná.”