Galatians 5:1 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin seasuidh sa tsáoirse léur sháor Críosd sinn, agus ná bíghidh a rís ar bhur gcreapall ré cuing ná dáoirse.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Is chum saoirse do rinne Críost saor sinn: seasaidh go daingean, mar sin, gan bheith ceangailte arís fá chuing na daoirse.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Rinne Críost sinne a shaoradh ionas go mbeadh an tSaoirse againn; mar sin seasaigí an fód, agus ná humhlaígí arís do chuing na daoirse.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' fhonn is go mbeimis saor is ea a d' fhuascail Críost sinn. Seasaigí go daingean dá bhrí sin agus ná cuirtear sibh faoi chuing na daoirse athuair.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dʼfhonn is go mbeimis saor is ea a dʼfhuascail Críost sinn. Seasaigí go daingean dá bhrí sin agus ná cuirtear sibh faoi chuing na daoirse athuair.