Galatians 5:11 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dhearbhráíthre, má nímse mar an gcéudna an timchillghearradh do sheanmóir, créud fá bhfuil gérleanmhuin fós dá dhéunamh oram? go deimhin atá sgannuil na croithe ar na cur ar gcúl.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht im’ thaobh‐sa, a bhráithre, má táim ag fógradh an timcheall‐ghearrtha fós, cad chuige a bhfuil géirleanamhain d’á déanamh orm fós? Ins an gcás sin atá deireadh déanta de cheap tuislidh na croise.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach a bhráithre, más ní é go mbímse go fóill ag fógairt an timpeallghearrtha, cad chuige a gcuirtear géarleanúint orm go fóill? Más amhlaidh atá, atá deireadh le ceap tuisle na Croise.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
I dtaca liomsa de, a bhráithre, más fíor go mbím fós ag fógairt timpeallghearrtha, cén fáth a bhfuilim fós do mo ghéarleanúint? Dá mbeinn ag déanamh amhlaidh bheadh scannal na croise ar neamhní.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
I dtaca liom-sa de, a bhráithre, más fíor go mbím fós ag fógairt timpeallghearrtha, cén fáth a bhfuilim fós do mo ghéarleanúint? Dá mbeinn ag déanamh amhlaidh bheadh scannal na croise ar neamhní.