Galatians 5:17 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír bí míanghus na colla a nadhuigh na Sbíoruidhe a nadhuigh na colla: agus atáid so contrárdha dhá chéile: ionnas nach féidir libh na neithe as mían ribh do dhéunámh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir bíonn mianghas na colna ag cur i gcoinnibh an Spioraid, agus bíonn an Spiorad ag cur i gcoinnibh mianghais na colna; mar tá siad i n‐aghaidh a chéile; ar mhódh nach bhféadann sibh na neithe dob’ áil libh do dhéanamh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar bíonn ainmhianta na colainne ag cur in éadan an Spioraid, agus mianta an Spioraid ag cur in éadan na colainne, mar tagann siad seo crosach ar a chéile, le bac a chur oraibh ó dhéanamh mar is mian libh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tá mianta na colainne bunoscionn le mianta an Spioraid agus tá mianta an Spioraid bunoscionn le mianta na colainne. Téann siad glan in éadan a chéile agus sin é an fáth nach ndéanann sibhse na nithe is áil libh a dhéanamh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tá mianta na colainne bunoscionn le mianta an Spioraid agus tá mianta an Spioraid bunoscionn le mianta na colainne. Téann siad glan in éadan a chéile agus sin é an fáth nach ndéanann sibh-se na nithe is áil libh a dhéanamh.